Súil ar an Rugbaí : Ceachtanna Foghlamtha Anuraidh

Aoine, 29 Aibreán 2011

Gráinne McElwain
Bíonn clú, taithí agus traidisiún foirne tábhachtach i gcúrsaí spóirt ach ní hiad sin amháin a bhíonn ag teastáil chun buachaint.
Ach dá mbeifeá ag féachaint ar na gnéithe sin ó thaobh Corn Heineken de, d’fheicfeá na tréithe sin go láidir i bhfoirne Chúige Laighean agus Toulouse. Imreoidh siad amárach in aghaidh a chéile i gcluiche leathcheannais Chorn Heineken agus an buntáiste ag na Laighnigh mar go mbeidh siad sa bhaile.
Tá an comórtas seo buaite ag Toulouse ceithre huaire agus tá comórtas craoibhe na Fraince buaite acu seacht n-uaire déag. Ní haon áibhéil a rá mar sin gur foireann an-éifeachtach iad Toulouse. Fuair siad an lámh in uachtar ar Biarritz, seaimpíní Chorn Heineken, anuraidh tar éis am breise sa bhabhta ceathrú ceannais (27-20) agus cé go raibh siad 17-0 chun cinn ag leatham, lig siad do Biarritz teacht aniar sa chluiche sin. Níor imir siad ar feadh an 80 nóiméad go léir an t-am sin ach ní tharlóidh sé sin amárach.
Chas Cúige Laighean agus Toulouse ar a chéile i mbabhta leathcheannais an chomórtais anuraidh i Le Stadium in Toulouse agus tháinig na Francaigh amach chun cinn (26-16). Bhí fadhbanna ag Laighin sa chlibirt, sa síneadh amach agus sa chosaint agus ghéill siad dhá úd chinniúnacha, ceann do Yannick Jauzion agus an ceann eile do David Skrela. D’aimsigh Toulouse an dá úd sin i dtréimhse cúig nóiméad sa dara leath, agus bhí an lá leo.

Le léamh ina iomlán in Gaelscéal na seachtaine seo