Athrú ollmhór ag teacht ar bhunchruth an idirlín

Aoine, 24 Meitheamh 2011

Diarmuid Ó Muirgheasa
Tamaillín ó shin, agus is deacair a rá cathain go díreach, ídíodh go hiomlán stoc seoltaí IP nua. Bhí scéalta ann mar gheall air ar feadh lae nó dhó, ach níorbh fhada go ndearna muid ar fad dearmad mar gheall air. Más scéal fiúntach a bhí ann, cén fáth nach bhfuil deireadh tagtha leis an idirlíon?
Tá míniú amháin réasúnta simplí: nuair a deir daoine go bhfuil na seolta imithe, tá siad ag insint bréag. Má tá sé sin ró-láidir duit, ar a laghad is féidir rá go bhfuil roinnt de na tuairiscí údaí rud beag míchruinn. Cé go bhfuil na seolta uilig dáilte, dáileadh ag comhlachtaí teileachumarsáide iad agus tá stoc mór seoltaí fágtha ag na comhlachtaí sin. Cad go díreach a chiallaíonn sé seo ar fad?
Tá teorainn leis an méid ríomhairí ar féidir bheith ar líne ag am amháin. Ós rud é go bhfuil seoladh ag teastáil ó gach ceann, tagann an teorainn ón líon seoltaí atá ann. Mar sin de, tá fadhbanna á gcruthú anois do thíortha atá ag forbairt agus atá ag lorg seoltaí do na ríomhairí nua uilig atá acu. Cé go bhfuil neart seoltaí breise ag comhlachtaí agus ollscoileanna sa chéad domhan, tá luach leis sin agus go minic bíonn sé iontach deacair na seoltaí sa bhreis sin a dháileadh ar dhaoine eile ar aon nós.
Dúinne sa chéad domhan ní rud mór é seo, ach dóibh siúd sa tríú domhan atá ag lorg naisc leis an ngréasán, is fadhb dháiríre í. Tá deisiúcháin ag teacht, dar ndóigh, i bhfoirm ‘IPv6’. In áit an ceithre bhilliún seoladh atá ann anois, beidh 2^128, nó 2x2x2... 128 ann. Don ghnáthdhuine nach n-úsáideann nodaireacht theicneolaíochta go rialta, agus fiú dóibh siúd a úsáideann, is deacair uimhir dá leithéid a shamhlú. Chun é a chur i gcomhthéacs, beidh anois neart seoltaí ann le go mbeadh 600,000,000,000,000,000,000,000 (nó 6-le-23-náid-ina-dhiaidh) seoladh ann do gach uile méadar cearnaithe de dhromchla an domhain.
Má tá sé deacair figiúr mar sin a shamhlú, tá sé níos deacra fós samhlú go dtiocfaidh deireadh leis an stór riamh. An nuacht is déanaí air seo ar fad ná go ndearnadh oll-tástáil ar an teicneolaíocht ar 8 Meitheamh, nuair ar bhain os cionn 1,000 suíomh mórthimpeall na cruinne úsáid as an teicneolaíocht.
Ar thug tú faoi ndeara? Mise ach oiread.
Faigh Gaelscéal na seachtaine seo chun tuilleadh a léamh