Gaillimh Gnóthach agus Gaelach

Aoine, 5 Lúnasa 2011

Seosamh Ó Riain
Le cuideachta an cheoil bheo bhríomhair thart timpeall ort, rachtanna gáire gan géilleadh ar na sráideanna, foirgnimh ildathacha áille, agus aghaidheanna gealgháireacha cairdiúla, is deacair gan ligean do dhraíocht chathair na Gaillimhe dul i gcion ort.
Áit ar leith. Gné atá thar a bheith suimiúil, áfach, sa bhaile mór na laethanta seo ná an líon gnólachtaí, idir thithe caife, thábhairní, oifigí tacsaithe agus eile ina bhfuil seirbhís dhátheangach ar fáil, bíodh nach bhfuil ann scaití ach comharthaíocht dhátheangach agus Gaeilge bhriste bhreá shimplí i gceist.
Is amhlaidh, ar ndóigh, gur de réir a chéile a thógtar na caisleáin.
De bharr dhul chun cinn na teanga seo, baineann íomhá níos Gaelaí, níos suntasaí agus níos spéisiúla leis an gcathair, agus tuigtear don tuathach agus don turasóir gur beag áit eile ar an domhan ina mbeadh an t-eispéireas ceannann céanna le fáil. Is fiú an tairbhe an trioblóid, ar ndóigh, mar de réir shuíomh idirlín Gaillimh le Gaeilge,
“Is fiú os cionn €136 milliún an Ghaeilge do gheilleagar chathair agus Chontae na Gaillimhe go bliantúil, tacaíonn sí le breis agus 5,000 post agus creideann níos mó ná 90% de ghnólachtaí chathair na Gaillimhe gur gné uathúil í d’íomhá agus d’fhéiniúlacht chultúrtha na Gaillimhe.”
Faigh Gaelscéal na seachtaine seo chun tuilleadh a léamh