Is é Gaelscéal, an nuachtán seachtainiúil Gaeilge is nuálaí, is bríomhaire agus is tráthúla dá bhfuil ann.Tá muid i mbun táirgíochta ó deire mí an Mhárta. Tugann Gaelscéal spléachadh do léitheoirí fud fad oileán na hÉireann ar chúrsaí reatha, idirnáisiúnta, náisiúnta agus réigiúnach; oideachas, spórt, cúrsaí saoil, caitheamh aimsire mar aon le saol na Gaeilge & na Gaeltachta.

 

Is comhfhiontar atá ann idir Eo Teilifís & An Curadh Connachtach. Is nuachtán ildathach, 32 leathanach i bhfoirm thablóideach atá ann a bheidh atá ar fáil ar fud na 32 contae agus ar shíntiús thar lear. Foilseofar ar a laghad 51 eagrán sa bhliain. Beidh sé ar fáil chomh maith i bhformáid dhigiteach ar líne taobh istigh de dhá lá ón dáta foilsithe.

 

Cuireann an suíomh idirlíon gaelsceal.ie áis idirghníomhach ar líne ar fáil do Ghaeil chun iad féin a chur in iúl trí fhís, fuaim & focal, chomh maith le caighdeán ard scríbhneoireachta an nuachtáin féin. Amach anseo, tabharfaidh fóraim agus blaganna deis do dhaoine gur suim leo, a dtuairimí a nochtadh ar iliomad ábhar. Beidh béim faoi leith ar úsáid na meán digitigh chun ábhar oideachasúil agus eile a fhorbairt.

 

‘Ag Cothú Pobal na Gaeilge’
An mana atá againn don nuachtán ná ‘ag Cothú Pobal na Gaeilge’. Feiceann muid gurb é an ról atá againne ná áis a chur ar fáil do phobal na Gaeilge lena scéalta féin a chraobhscaoileadh. Tá muid ann dar linne le haird a tharraingt ar scéalta móra & scéalta beaga na nGael in Éirinn & thar lear.

 

Foras na Gaeilge
Dar ndóigh is le maoiniú fial ó Fhoras na Gaeilge atá Gaelscéal le foilsiú. Luíonn sé seo go mór measann muid le polasaí an Fhorais féin chun:
‘úsáid na Gaeilge a éascú agus a spreagadh sa chaint agus sa scríbhneoireacht sa saol poiblí agus sa saol príobháideach’.